D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a líonra bus nua deiridh don Ghaillimh. Tá athdhearadh an líonra bus ina cheann de naoi bpríomhghné de chuid BusConnects na Gaillimhe a bhfuil mar aidhm leo córas bus na cathrach a athrú ó bhonn go bunúsach, agus iompar poiblí á dhéanamh níos úsáidí do níos mó daoine.

In 2022, rinne ÚNI athbhreithniú leathan ar an líonra bus i nGaillimh, i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae na Gaillimhe, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hoibreoirí busanna áitiúla, agus le saineolas speisialaithe na ndearthóirí iompair Jarrett Walker & Associates. I mí Aibreáin 2023, foilsíodh dréacht-líonra nua agus mar gheall ar an aiseolas agus na haighneachtaí a fuarthas cuireadh bonn eolais faoi fhorbairt an líonra bus nua deiridh.

Príomhthairbhí an líonra nua

Ar na príomhthairbhí a bhaineann leis an líonra nua deiridh, tá:

  • Méadú thart ar 50% ar an líon seirbhísí bus i gCathair na Gaillimhe, i mBearna agus in Órán Mór.
  • Leathnú ar sheirbhísí bus chuig ceantair nua agus níos mó bealaí ar fáil le seirbhísí rialta agus clárama feabhsuithe don deireadh seachtaine.
  • Seirbhís bus 24 uair a chloig nua ar a dtabharfar, Bealach 9, ag feidhmiú ó Chnoc na Cathrach, trí lár na cathrach go Dabhach Uisce agus go dtí An Pháirc Mhór.
  • Tá rochtain ag níos mó cónaitheoirí sa cathair agus sna bruachbhailte ar an líonra iompair phoiblí agus Bóthar Bhaile an Mhóinín Uachtarach, Bóthar an Chósta idir Cathair na Gaillimhe agus Órán Mór agus Cnoc Odhráin i measc na gceantar a bhainfidh taribhe as.
  • Níos mó bealaí ag dul traschathrach agus an príomhphointe aistrithe lonnaithe ag an bhFaiche Mhór.
  • Ciallaíonn táillí níos simplí gur próiseas níos réidh a bheidh i gceist le haistriú.

Tá an tuarascáil ar an Líonra Nua Bus, tuarascáil achomair ar an líonra nua, bealaí bus i do cheantar áitiúil and léarscáil líonra na Gaillimhe le híoslódáil thíos.

Cad a tharlóidh anois?

Níl dátaí maidir le cur i bhfeidhm na seirbhísí nua socraithe go fóill agus ceaptar i láthair na huaire, go dtarlóidh athruithe in 2027. Mar chuid de BusConnects, tá obair á cur chun cinn ag an ÚNI ar na Conairí Iompair Inbhuanaithe lena bhfeabhsófar agaí taistil ar an líonra bus agus lena bhfeabhsófar naisc do choisithe agus do rothaithe. Cuirfear codanna eile de chlár BusConnects, amhail táillí níos simplí, i gcrích laistigh den líonra bus nua.

Déacht-Líonra Nua Bus don Ghaillimh – Comhairliúchán Poiblí Aibreán 2023

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a dréacht-líonra bus nua do Ghaillimh i mí Aibreáin 2023. Mhair an comhairliúchán maidir leis an dréacht-líonra nua ar feadh 6 seachtaine agus dúnadh é an 2 Meitheamh 2023. Leis an bpróiseas comhairliúcháin ar líne, tugadh deis do bhaill den phobal a n-aiseolas maidir leis na tograí a thabhairt. Reáchtáladh roinnt imeachtaí eolais chun an líonra atá beartaithe a mhíniú ar bhealach níos mionsonraithe. Chun amharc ar na cáipéisí ón gcomhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht-líonra nua don Ghaillimh, cliceáil ar na naisc thíos.

Leabharlann Cáipéise an Dréacht-Líonra Bus