Gan na córais ticéadaithe agus struchtúr na dtáillí bus a athrú, ní thabharfadh an tionscadal foriomlán na buntáistí iomlána agus is féidir faoin athrú ó bhonn seo.

Is é an próiseas íocaíochta ag stadanna bus an dara foinse is mó de mhoilleanna bus, i ndiaidh plódú tráchta. Is gnách fós táillí a íoc le hairgead tirim, rud a chuireann moill ar an am bordála. Fiú agus an Cárta Leap in úsáid, ciallaíonn castacht na gcéimeanna íocaíochta go gcaithfidh céatadán ard paisinéirí idirghníomhú leis an tiománaí, agus bíonn moilleanna mar thoradh air sin ag stadanna bus. Ag stadanna bus gnóthacha is féidir leis na moilleanna seo a bheith ar feadh roinnt nóiméad. Méadaigh é seo faoi líon na stadanna gnóthacha ar bhealach, agus cuireann na moilleanna sin go suntasach le ham iomlán an turais.

Le BusConnects déanfaimid an próiseas chun íoc as turais bus a shimpliú agus a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba mhaith linn an córas táillí a dhéanamh níos simplí, agus ba mhaith linn freisin an t-aistriú idir seirbhísí bus éagsúla a dhéanamh go saoráideach agus éasca, gan phionós airgeadais. Éileoidh sé seo aistriú chuig saoráid “clibeáil air” agus “clibeáil as”, nó cur chuige aonair “táille chomhréidh” chun an gá le hidirghníomhú leis an tiománaí i gcomhair íocaíochtaí táille a laghdú.

Mar chuid den phróiseas seo, cuirfear oibríocht gan airgead tirim i bhfeidhm ar gach bus, chun deireadh a chur leis na moilleanna a tharlaíonn de bharr íocaíochtaí airgid thirim. Thar na blianta beaga amach romhainn, beidh an t-aistriú chuig córas gan airgead tirim níos éasca. Ionchorpróidh BusConnects na forbairtí is déanaí i dteicneolaíocht ticéadaithe bunaithe ar chuntas, rud a chuirfidh ar chumas cártaí creidmheasa / dochair nó gléasanna móibíleach a úsáid mar mhodh áisiúil íocaíochta. Ceadóidh sé seo comhtháthú le híocaíochtaí iompair eile ar nós áiseanna páirceála agus rothair ar cíos.