Busconnects

Is é BusConnects clár an Údaráis Náisiúnta Iompair chun feabhas mór a chur ar sheirbhísí bus i gcathracha na hÉireann.

Is cuid lárnach de bheartas an Rialtais é chun feabhas a chur ar iompar poiblí agus aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide i mBaile Átha Cliath agus cathracha eile ar fud na hÉireann. Is cuid lárnach é BusConnects de roinnt beartas Rialtais agus réigiúnach, lena n-áirítear an Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, an Creat Náisiúnta Pleanála 2040 agus Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042.