Iarratais ar Chead Pleanála chuig an mBord Pleanála (ABP)

Tá iarratais ar thoiliú pleanála do na 12 scéim ar fad, mar aon leis na horduithe ceannaigh éigeantaigh gaolmhara, curtha faoi bhráid an Bhoird Pleanála. Tá cead pleanála tugtha don chéad sé scéim, rud a léiríonn cloch mhíle shuntasach i gClár BusConnects Bhaile Átha Cliath. Tá fógra faighte ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) go bhfuil cead pleanála faighte ag an mbord do na Scéimeanna Conaire Bus Lárnaí seo a leanas: Baile Bhlainséir go Lár na Cathrach, Sord go Lár na Cathrach, Belfield/An Charraig Dhubh go Lár na Cathrach, Baile Munna/Fionnghlas go Lár na Cathrach, Gleann na Life go Lár na Cathrach agus Cluain Ghrífín go Lár na Cathrach.

Chun tuilleadh sonraí a fheiceáil ar na scéimeanna, cliceáil ar an tsaighead anuas thuas.