Líonra Nua Bus do Cheantar Cathrach Chorcaí

Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a dhearadh nua do Líonra Busanna Cathrach Chorcaí i mí an Mheithimh 2022. Tá sé mar aidhm ag an líonra nua, mar chuid de BusConnects Chorcaí, an gréasán iompair phoiblí a athrú ó bhonn ar fud Cheantar Cathrach Chorcaí. Is éard a bheidh i gceist leis an ngréasán nua ná bealaí nua bus a chruthú agus minicíochtaí feabhsaithe bus chun cuidiú leis an ngréasán iompair phoiblí a athrú ó bhonn chun freastal ar an bhfás a bhfuiltear ag súil leis agus ar an éileamh amach anseo sa réigiún.

Chun amharc ar Líonra Nua Chorcaí, bain leas as an léarscáil ar líne ag an nasc thíos.

Learscail de Lionra Nua Chorcai

Áirítear an méid a leanas le príomhthairbhí an líonra nua:

  • Méadú 53% ar an iomlán ar sheirbhísí bus i gCorcaigh;
  • Dhá sheirbhís bus 24-uair
    • Bealach 1 ag dul soir-siar: Na hUamhanna/Baile an Chollaigh go Lár na Cathrach go Machain
    • Bealach 3A ag dul ó thuaidh-ó dheas: Carraig Uí Leighin go Lár na Cathrach go Cnoc an Chuilinn;
  • Seacht mbealach bus ardmhinicíochta uile-lae (seirbhísí á rith gach 15 nóiméad nó níos fearr) níos mó le linn buaic-tréimhsí;
  • Seirbhísí bus a sholáthar do cheantair nár fhreastalaíodh orthu roimhe seo mar Gleann Maghair Uachtarach, Tobar an Iarla, Paidhc na gCiarraíoch;
  • Agaí feithimh níos giorra agus bealaí níos dírí do go leor daoine;
  • Líonra agus sceidil níos simplí; agus
  • Seirbhísí breise ag an deireadh seachtaine.

Tá tuarascáil an Líonra Nua Bus, léarscáileanna ceantair áitiúil, tuarascáil achomair, tábla minicíochta agus aguisín ionchur poiblí ar fáil le híoslódáil thíos.

Léarscáileanna Achair Áitiúil

 

Eolas cúlra – Comhairliúchán Poiblí ar an Dréacht-Líonra Bus Nua Samhain agus Nollaig 2021

Reáchtáladh comhairliúchán tosaigh i mí Iúil 2021 agus chabhraigh na freagairtí leis an Dréacht-Líonra Nua don Cheantar Uirbeach a mhúnlú, mar chuid de Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí. Bhí an dara comhairliúchán poiblí maidir leis an Dréacht-Líonra Nua ar siúl ón 2 Samhain go dtí an 17 Nollaig 2021. Chuir BusConnects fáilte roimh aiseolas ón bpobal ar an Dréacht-Líonra Nua trí fhoirm aiseolais ar líne agus aighneachtaí ríomhphoist.

Tuarascálacha:

Leabhráin na gCeantar Áitiúil:

Léarscáileanna:

Map of Cork split into 7 local areas
Amharc ar an Learscail Lionra idirghniomhach den dreacht-lionra

Eolas cúlra – Comhairliúchán Poiblí ar an Tuarascáil maidir le Roghanna Athdheartha Líonra Bus Iúil 2021

Reáchtáladh babhta tosaigh de chomhairliúchán poiblí le haghaidh Athdhearadh Líonra Bus Chorcaí i mí Iúil 2021.  Bhí an comhairliúchán tosaigh seo ar “Thuarascáil na Roghanna” (is féidir a íoslódáil thíos), ag lorg aiseolais ón bpobal ar roghanna áirithe maidir le líonra bus Chorcaí amach anseo.

Cáipéisí ón gComhairliúchán:

Físeáin ón gComhairliúchán – cén fáth a bhfuil an dréacht-líonra nua chomh difriúil sin: