Tar éis trí bhabhta de chomhairliúchán poiblí a thosaigh in 2017, d’fhoilsigh agus chuir an ÚNI an líonra bus nua do limistéar Bhaile Átha Cliath i gcrích i mí Mheán Fómhair 2020. An aidhm iomlán atá leis an líonra nua ná líonra a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais an réigiúin iomláin níos fearr agus a chuireann fás an daonra agus athruithe maidir le patrúin taistil san áireamh. I measc phríomhshaintréithe na moltaí seo, tá líonra níos simplí dírithe ar 8 bpríomhDhromhlach (A go H), seirbhísí níos minice, go háirithe le linn uaireanta seachbhuaice agus ag an deireadh seachtaine, agus clúdach níos fearr den chathair freisin, lena n-áirítear níos mó cuarbhealaí.
Léiríonn an líonra iomlán infheistíocht ollmhór maidir le seirbhísí bus a fheabhsú, tá méadú 35% tagtha ar chiliméadar “i seirbhís”, is méadú suntasach é seo ar thoilleadh foriomlán agus ar mhinicíocht do chustaiméirí, chomh maith le níos mó seirbhísí tráthnóna agus deireadh seachtaine. Chuir an plean líonra bus nua seo san áireamh saincheisteanna a ardaíodh i mbreis agus 72,000 aighneacht ag céimeanna éagsúla an chomhairliúcháin phoiblí. Cuirfear an líonra nua, ar a dtugtar an Tionscadal um Athdhearadh Líonra Bhaile Átha Cliath, i bhfeidhm de réir a chéile le himeacht na mblianta, ag tosú in 2021. Tá cur síos ar na Céimeanna a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo thíos.
Bordáil Paisinéirí le haghaidh Céimeanna Athdhearadh Líonra Curtha i bhFeidhm 2019 go 2023
Athruithe maidir le bealaí beartaithe L1, L2 agus L3 i gCill Mhantáin Thuaidh
Tabharfar isteach líon bealaí i gCill Mhantáin Thuaidh mar chuid den chéad chéim eile d’Athdhearadh Líonra BusConnects, lena n-áirítear an L1, L2 agus L3. Tar éis dul i gcomhairle le Comhairle Contae Chill Mhantáin agus na forbraíochtaí cónaithe nua sa cheantar a chur san áireamh, tá athrú tagtha ar ár bpleananna do na trí bhealach áitiúla seo. Tá tuilleadh sonraí agus léarscáileanna ar fáil ón nasc seo a leanas – Bealaí Leasaithe Bhaile Átha Cliath Thoir Theas
Bunaithe ar na hathruithe ar sheirbhísí Chill Mhantáin, is féidir léarscáil nuashonraithe den athdhearadh líonra a fheiceáil ag an nasc seo a leanas Léarscáil den Athdhearadh Líonra.
Céim 5B – cuarbhealaí bruachbhailteacha thiar (W) agus theas (S) a thabhairt isteach
Cuireadh tús le Céim 5b an Athdheartha Líonra ar 26 Samhain 2023 agus is éard atá i gceist leis ná cuarbhealaí Theas, bealaí gathacha agus bealaí áitiúla nua a thabhairt isteach. Tá Bealaí S2, 74 agus L25 á n-oibriú ag Bus Átha Cliath agus tá Bealaí S4, S6, S8, W2 agus L55 a n-oibriú ag Go-Ahead Ireland. Baineadh cuarbhealaí oidhreachta 17, 18, 75/a, 76/a agus 175.
Bhí méadú bliantúil de 1,697,000km nó 51% ar sheirbhís-km sceidealaithe, i gcomparáid le bealaí coibhéiseacha a bhí ag oibriú sular seoladh Céim 5b. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.
Céim 5A – cuarbhealaí bruachbhailteacha thiar lasmuigh (W) a thabhairt isteach
Seoladh Céim 5a ar 25 Meitheamh 2023, comhdhéanta de Chuarbhealaí Thiar i réigiúin thiar agus thiar theas Bhaile Átha Cliath,a fhreastalaíonn ar cheantair amhail an Caisleán Nua, Teach Sagard, Iarthar na Cathrach, Tamhlacht, Gleann na Life, Leamhcán, Baile Bhlainséir, Collchoill, Maigh Nuad, agus Cill Droichid.
Tugadh Cuarbhealaí Thiar nua W4, W61 agus W62 isteach de bharr na Céime seo, go léir á n-oibriú ag GoAhead Ireland. Oibríonn na trí bhealach nua seo, ar an meán, gach 15-30 nóiméad le linn na seachtaine agus gach 30-60 nóiméad Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Tá méadú bliantúil de 1,254,000km ar sheirbhís-km sceidealaithe de bharr Céim 5a. Ní raibh aon bhealaí coibhéiseacha i bhfeidhm sular seoladh an Chéim seo. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhairt cuairt ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.
Céim 4 – dromlaigh-G a thabhairt isteach
Seoladh Céim 4 ar 16 Deireadh Fómhair 2022, ag freastal ar cheantair amhail an Bhó Dhearg, Baile Formaid, Lár na Cathrach, Duga Spencer, Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life, Cluain Dolcáin, Gort na Silíní, Bóthar na nDéise, Droichead na hInse agus Cé Sir John Rogerson. Tugadh dromlaigh-G G1, G2 agus Bealach 60 isteach, atá go léir á n-oibriú ag Bus Átha Cliath, de bharr na Céime seo, agus oibríonn Dromlach G1 agus G2 ar bhonn 24 uair an chloig. Baineadh Bealaí 79, 79a agus an chuid Thiar de Bhealach 40 mar chuid den Chéim seo.
Bhí méadú bliantúil de 937,000km nó 32% ar sheirbhís-km sceidealaithe de bharr Céim 4, i gcomparáid le bealaí coibhéiseacha a bhí ag oibriú sular seoladh Céim 4. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.
Céim 3 – cuarbhealaí bruachbhailteacha thuaidh (N) a thabhairt isteach
Seoladh Céim 3 d’Athdhearadh Líonra ar 29 Bealtaine 2022 i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tugadh cuarbhealaí thuaidh N4 (Dugaí na Cathrach-Fionnghlas-Baile Bhlainséir) agus N6 (Cill Bharróg-Fionnghlas) isteach de bharr na Céime seo, agus oibríonn Bealach N4 ar bhonn 24 uair an chloig gach lá. Tugadh na bealaí nua seo isteach ag an am céanna a baineadh na bealaí 17a agus 31d a bhí ann roimhe seo. Bhí méadú bliantúil de 1,376,000km nó 108% ar sheirbhís-km sceidealaithe de bharr na Céime seo, i gcomparáid le bealaí coibhéiseacha a bhí ag oibriú sular seoladh Céim 3. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.
Céim 2 – dromlaigh-C a thabhairt isteach
Seoladh Céim 2 d’Athdhearadh Líonra BusConnects ar 28 Samhain 2021, a fhreastalaíonn ar cheantair amhail Maigh Nuad, Cill Droichid, Léim an Bhradáin, Leamhcán, Baile Adaim, Gleann na Life agus Baile Phámar go Lár na Cathrach chomh maith leis An Rinn agus Dumhach Thrá. Tugadh an Dromlach-C (C1, C2, C3, C4), bealach 52, ocht mbealach le linn buaicamanna amháin (P29, X25, X26, X27,X28, X30, X31 agus X32) agus sé bhealach áitiúla (L51, L52, L53, L54, L58 agus L59) isteach dá bharr seo. Tugadh dhá bhealach oíche (C5 agus C6) isteach freisin. Is Bus Átha Cliath a oibríonn an chéim seo go príomha, seachas L51 agus L52 a n-oibreofar ag Go-Ahead Ireland. Bhí méadú bliantúil de 1,649,000km nó 32% ar sheirbhís-km sceidealaithe de bharr na Céime seo, i gcomparáid le bealaí coibhéiseacha a bhí ag oibriú sular seoladh Céim 2. Tá tuilleadh eolais ar Dhromach C ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.
Céim 1 – Dromlaigh-H a thabhairt isteach
Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair, i gcomhar le Bus Átha Cliath, an chéad chéim den líonra BusConnects nua do Bhaile Átha Cliath i Meitheamh 2021. Is é atá i gceist le Céim 1 ná bealaí a nascann thoir thuaidh Bhaile Átha Cliath le lár na cathrach a thabhairt isteach, lena n-áirítear Binn Éadair, Baile Dúill, Domhnach Míde, Ráth Eanaigh, Mullach Íde, Port Mearnóg agus Binn Éadair. Cuireann na brainsí Dromlach-H seirbhísí tapa agus rialta ar fáil chuig lár na cathrach. Cuireann seirbhísí ar H1 (ó Bhaile Dúill), H2 (ó Mhullach Íde) agus H3 (ó Bhinn Éadair) leibhéil níos airde seirbhíse ar fáil do na cónaitheoirí seo agus do na pobail máguaird. Bhí méadú bliantúil de 617,000km nó 44% ar sheirbhís-km sceidealaithe de bharr na Céime seo, i gcomparáid le bealaí coibhéiseacha a bhí ag oibriú sular seoladh Céim 1. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar dhromlach H.
Cúlra ar Líonra BusConnects nua do Bhaile Átha Cliath
Mar a luadh roimhe seo, tar éis trí bhabhta de chomhairliúchán poiblí a thosaigh in 2017, d’fhoilsigh an ÚNI an líonra bus nua do limistéar Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2020. Is é an plean líonra bus nua seo an leagan deiridh de thoradh moltaí athdheartha roimhe seo agus rinneadh breithniú ar shaincheisteanna a ardaíodh i mbreis agus 72,000 aighneacht. Is féidir leis an eolas ar fad a bhaineann leis an Líonra Bus Nua do Limistéar Bhaile Átha Cliath a fheiceáil agus a íoslódáil thíos, lena n-áirítear léarscáil an líonra iomláin, léarscáileanna an limistéir áitiúil, tuarascáil comhairliúcháin 2019 agus doiciméad achomair.
Breithníodh seirbhísí líonra, lena n-áirítear bealaí, minicíochtaí, cómhalartú, dromlaigh agus cuarbhealaí agus san athdhearadh líonra, chun cinntiú gur féidir freastal ar an éileamh ar iompair phoiblí, go meántéarmach agus go fadtéarmach. Faoi na pleananna, eagrófar an líonra ar bhonn na ndromlach a ghathóidh amach ó lár na cathrach, le tacaíocht ó sheirbhísí eile. Beidh na bealaí nua comhdhéanta díobh seo:
- Dromlaigh – bealaí minice a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí bus aonair a sceidealófar chun obair le chéile feadh conaire. Ag deireadh na conaire, imeoidh na seirbhísí aonair amach chun freastal ar limistéir dhifriúla.
- Cuarbhealaí – seirbhísí a oibríonn timpeall na cathrach. Soláthraíonn siad naisc idir bruachbhailte agus lár bailte, gan aon ghá le taisteal isteach i Lár na Cathrach. Soláthraíonn siad naisc chuig bealaí iarnróid, bealaí Luas agus bealaí eile bus freisin.
- Bealaí Eile i dTreo na Cathrach – seirbhísí a oibreoidh isteach i Lár Cathrach Bhaile Átha Cliath. Níl na seirbhísí sin mar chuid d’aon dromlach agus oibríonn siad de réir a gclár ama féin.
- Bealaí Áitiúla – seirbhísí a sholáthróidh naisc thábhachtacha laistigh de limistéir áitiúla, a nascann chuig ionaid áitiúla mhiondíola agus chuig naisc iompair ar aghaidh.
- Bealaí le linn Buaic-amanna Amháin – seirbhísí a oibreoidh le linn na dtréimhsí buaic-ama taistil, arb iad maidineacha agus tráthnónta ar laethanta le linn na seachtaine iad de ghnáth, agus toilleadh breise á sholáthar acu feadh príomhchonairí bus.
- Seirbhísí Díreacha – seirbhísí díreacha ó na bruachbhailte amuigh go Lár na Cathrach ag buaic-uaireanta comaitéireachta, a oibreoidh seirbhís stadanna teoranta chun paisinéirí a thabhairt chun a gcinn scríbe ar shlí níos tapa.
I measc na mbuntáistí a bhaineann le hAthdhearadh an Líonra tá méadú 23% i seirbhísí bus, toilleadh méadaithe ag buaicuaireanta, seirbhísí méadaithe sa tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine, seirbhísí 24 uair an chloig ar roinnt bealaí, méadú 16% ar líon na gcónaitheoirí a chónaíonn laistigh de 400m de sheirbhís bus a oibríonn go minic go lár na cathrach, naisc nua chuig scoileanna, ospidéil agus seirbhísí riachtanacha eile agus rochtain mhéadaithe ar phoist agus ar oideachais.