Is comhpháirteanna riachtanacha de chóras bus nua-aimseartha iad áiseanna cois bóthair agus faisnéis cois bóthair. Ar fud an réigiúin, ní léiríonn na háiseanna reatha an caighdeán atá riachtanach chun an córas foriomlán a dhéanamh tarraingteach agus éasca le húsáid.
Faoi BusConnects, cuirfimid feabhas ar stadanna bus i réigiún Bhaile Átha Cliath, agus faisnéis níos fearr faoi bhealaí agus táillí agus faisnéis faoi amchlár atá sonrach do gach stad. Glacfaidh gach oibritheoir leis an stíl seo agus bainfear an meascán cuaillí atá ann faoi láthair ag stadanna iloibritheora. Forbraíodh an stíl nua seo go sonrach le bheith comhsheasmhach le libhré nua na mbusanna chun comhsheasmhacht amhairc a sholáthar. Tá tús curtha leis an rolladh amach agus leanfar de bheith á shuiteáil de réir a chéile sna blianta amach romhainn agus tá na gnéithe seo a leanas aige:
Suiteálfaimid níos mó comharthaí Eolais Fíor-Ama do Phaisinéirí (EFAP) feadh na gconairí bus nua agus in áiteanna eile ar fud an réigiúin, rud a chuirfidh eolas cruinn ar fáil faoi theacht an chéad bhus eile.
Leathnófar soláthar scáthlán bus go mór mar chuid de phlean BusConnects. Cuirfear líon mór scáthlán bus breise ar fáil in áiteanna nua, go háirithe in áiteanna a mbeidh seirbhísí nasctha á gcur ar fáil.