Mar chuid de chlár Bus Connects Bhaile Átha Cliath, tá táillí simplithe ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh aistriú idir Bus, Dart agus Luas réidh, rud a fhágfaidh go mbeidh córas iompair phoiblí níos inacmhainne, níos éifeachtúla agus níos comhtháite ann.

Is éard atá sa struchtúr nua táillí táille achair ghearr ar thurais shingile (thart ar 3 chiliméadar nó níos lú) agus táille 90 nóiméad a ligeann do chustaiméirí aon mheascán taistil a dhéanamh ar sheirbhísí Bus, Dart/Iarnróid Comaitéireachta agus Luas.

Ar choinníoll go dtosaíonn custaiméirí ar an gcuid dheireanach dá dturas laistigh de 90 nóiméad ó thús a dturais iomláin, ceadaíonn an táille 90 nóiméad taisteal ar gach seirbhís Bus, Luas agus Iarnróid i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear seirbhísí Dart agus Iarnróid Comaitéireachta suas go crios 4. Cuireadh na táillí nua i bhfeidhm thar dhá chéim.