Éilíonn an reachtaíocht go ndéanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair “chun críocha iompar poiblí a chur chun cinn, branda aonair a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a úsáidfidh gach oibritheoir iompair phoiblí a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir le conartha seirbhísí iompair phoiblí leis an Údarás.”
Faoin gclár BusConnects, déanfar an taobh amuigh agus an taobh istigh de bhusanna, ar a dtugtar libhré an bhus, a chaighdeánú i measc oibritheoirí éagsúla chun mothú córas iompair poiblí nua-aimseartha, éifeachtach a thabhairt don chóras bus.