Is tosaíocht náisiúnta é dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide agus cuirfidh BusConnects go mór leis an gcuspóir sin. Tá sé ríthábhachtach daoine a bhogadh ó ghluaisteáin go hiompar inbhuanaithe chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus chun dul i ngleic le plódú tráchta.
Ina theannta sin, cuirfidh aistriú go flít busanna uirbeacha íseal-astaíochtaí agus astaíochtaí nialasacha le cathair níos glaine agus níos ináitrithe trí thorann agus truailliú aeir a laghdú.
Tá tús curtha leis an aistriú seo go flít busanna uirbeacha cheana féin trí BusConnects Galway. Tá seirbhís cathrach hibrideach go hiomlán i bhfeidhm ag Bus Éireann ó 2021 i leith. Tá leictriú an stórais chun soláthar a dhéanamh do bhusanna leictreacha agus hibrideacha ag céim an deartha.
Tarlóidh an t-aistriú deiridh go busanna uirbeacha gan astaíochtaí faoi chlár athnuachana an Rialtais, próiseas a cuimsíodh ar dtús i gclár BusConnects Bhaile Átha Cliath.
Is bunchlocha de chlár BusConnects iad inbhuanaitheacht agus cathracha níos glaise. Mar thoradh ar fhlít nua busanna uirbeacha íseal-astaíochtaí agus astaíochtaí nialasacha, mar aon le háiseanna rothaíochta feabhsaithe, úsáidfidh níos mó daoine modhanna iompair atá níos éiceabhácha ar fud chathracha na hÉireann.
Tá tús curtha anois ag an ÚNI, i gcomhar le Bus Éireann agus Bus Bhaile Átha Cliath, leis an aistriú go flít busanna poiblí uirbeacha gan aon astaíochtaí.
Tá tuilleadh tionscadal á bhforbairt ar fud na tíre chun níos mó seirbhísí bus cathrach agus bailte a thiontú ina n-oibríocht gan astaíochtaí, agus é mar aidhm go mbeidh an flít bus poiblí uirbeach ar fad gan astaíochtaí faoi 2035.
Chomh maith leis sin, rinne an ÚNI comhairliúchán margaidh le déanaí chun amlínte dóchúla a chinneadh maidir le hinfhaighteacht cóistí gan astaíochtaí agus/nó cóistí atá inrochtana ar rampaí d’fhonn seirbhísí bus poiblí níos faide a dhícharbónú.
Tá sé léirithe ag na soláthraithe a d’fhreagair go mbeidh cóistí gan astaíochtaí ar fáil i bhfad níos forleithne le linn an dara leath den deich mbliana.
Grianghraif de na Busanna thíos: