Líonra Nua Bus do Cheantar Cathrach Chorcaí

Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a dhearadh nua do Líonra Busanna Cathrach Chorcaí i mí an Mheithimh 2022. Tá sé mar aidhm ag an líonra nua, mar chuid de BusConnects Chorcaí, an gréasán iompair phoiblí a athrú ó bhonn ar fud Cheantar Cathrach Chorcaí. Is éard a bheidh i gceist leis an ngréasán nua ná bealaí nua bus a chruthú agus minicíochtaí feabhsaithe bus chun cuidiú leis an ngréasán iompair phoiblí a athrú ó bhonn chun freastal ar an bhfás a bhfuiltear ag súil leis agus ar an éileamh amach anseo sa réigiún.

Chun amharc ar Líonra Nua Chorcaí, bain leas as an léarscáil ar líne ag an nasc thíos.

Léarscáil Líonra Nua Chorcaí

 

Áirítear an méid a leanas le príomhthairbhí an líonra nua:

    • Méadú 53% ar an iomlán ar sheirbhísí bus i gCorcaigh;
    • Dhá sheirbhís bus 24-uair
      • Bealach 1 ag dul soir-siar: Na hUamhanna/Baile an Chollaigh go Lár na Cathrach go Machain
      • Bealach 3A ag dul ó thuaidh-ó dheas: Carraig Uí Leighin go Lár na Cathrach go Cnoc an Chuilinn;
    • Seacht mbealach bus ardmhinicíochta uile-lae (seirbhísí á rith gach 15 nóiméad nó níos fearr) níos mó le linn buaic-tréimhsí;
    • Seirbhísí bus a sholáthar do limistéir nár freastalaíodh orthu roimhe sin, amhail Gleann Maghair Uachtarach, Tobar an Iarla agus Paidhc na gCiarraíoch;
    • Agaí feithimh níos giorra agus bealaí níos dírí do go leor daoine;
    • Líonra agus sceidil níos simplí; agus
    • Seirbhísí breise ag an deireadh seachtaine.

 

Tá an tuarascáil Líonra Bus Nua, léarscáileanna an limistéir áitiúil, tuairisc achomair, tábla minicíochta agus aguisín ionchur an phobail ar fáil le híoslódáil thíos.

 

 

Léarscáileanna Achair Áitiúil

Eolas cúlra – Comhairliúchán Poiblí ar an Dréacht-Líonra Bus Nua Samhain agus Nollaig 2021

Reáchtáladh comhairliúchán tosaigh i mí Iúil 2021 agus chabhraigh na freagairtí leis an Dréacht-Líonra Nua don Cheantar Uirbeach a mhúnlú, mar chuid de Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí. Bhí an dara comhairliúchán poiblí maidir leis an Dréacht-Líonra Nua ar siúl ón 2 Samhain go dtí an 17 Nollaig 2021. Chuir BusConnects fáilte roimh aiseolas ón bpobal ar an Dréacht-Líonra Nua trí fhoirm aiseolais ar líne agus aighneachtaí ríomhphoist.

Tuarascálacha:

Leabhráin na gCeantar Áitiúil:

 

Léarscáileanna:

Map of Cork split into 7 local areas

Féach ar Léarscáil Líonra idirghníomhach den dréacht-líonra

Eolas cúlra – Tuarascáil ar Roghanna le haghaidh Athdhearadh an Líonra Bus Comhairliúchán Poiblí Iúil 2021

Bhí babhta tosaigh comhairliúchán poiblí ann maidir le hAthdhearadh Líonra Bus Chorcaí in Iúil 2021.  Bhí an comhairliúchán tosaigh seo ar “Thuarascáil Roghanna” (ar féidir a íoslódáil thíos), ag lorg aiseolas ón bpobal ar roghanna áirithe maidir le todhchaí líonra bus Chorcaí

Doiciméid ón gComhairliúchán:

Físeáin ón gComhairliúchán – cén fáth a bhfuil an dréacht-líonra nua chomh difriúil sin: