Sheol an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) a dhearadh nua do Ghréasán Bus Limistéar Cathrach Chorcaí inniu. Tá sé mar aidhm leis an ngréasán nua, atá mar chuid de BusConnects Chorcaí, an gréasán iompair phoiblí a bhunathrú chun feabhais ar fud Limistéar Cathrach Chorcaí. Is é a bheidh i gceist leis an ngréasán nua ná go gcruthófar bealaí nua bus agus minicíochtaí feabhsaithe bus chun cabhrú leis an ngréasán iompair phoiblí a bhunathrú chun feabhais chun freastal ar an bhfás réamh-mheasta agus an t-éileamh sa todhchaí sa réigiún.

Le linn na bliana 2021, rinne an tÚdarás próiseas fairsing comhairliúcháin phoiblí agus athbhreithniúcháin i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí agus le Bus Éireann, agus leas á bhaint as an saineolas speisialaithe atá ag Jarrett Walker and Associates, ar dearthóirí iompair iad.  Foilsíodh dréachtghréasán nua i mí na Samhna 2021, agus rinne an t-aiseolas agus na haighneachtaí eolas don Ghréasán Bus Nua Deiridh a foilsíodh inniu.

Áirítear na nithe seo le príomhbhuntáistí an ghréasáin nua:

  • Méadú foriomlán 53% i seirbhísí bus i gCorcaigh;
  • Dhá sheirbhís bus 24 huaire an chloig –
    • Bealach 1, a oibreoidh ón oirthear go dtí an t-iarthar: Na hUamhanna/Baile an Chollaigh go Lár na Cathrach go Machain;
    • Bealach 3A, a oibreoidh ón tuaisceart go dtí an deisceart: Carraig Uí Leighin go Lár na Cathrach go Cnoc an Chuilinn;
  • Seacht gcinn sa bhreis de bhealaí bus ardmhinicíochta uile-lae (seirbhísí a oibreoidh gach 15 nóiméad nó níos minice) le linn buaic-amanna;
  • Seirbhísí bus a sholáthar do limistéir nár freastalaíodh orthu roimhe sin, amhail Gleann Maghair Uachtarach, Tobar an Iarla agus Paidhc na gCiarraíoch;
  • Agaí feithimh níos giorra agus bealaí níos dírí do chuid mhór daoine;
  • Gréasán agus sceidil níos simplí; agus
  • Seirbhísí breise ag an deireadh seachtaine.

Is é an toradh a bheidh ar an ngréasán bus nua ná go mbeidh níos mó daoine in ann leas a bhaint as an iompar poiblí, rud a mhéadóidh an rochtain ar líon méadaithe scoileanna agus áiteanna oibre ar fud Limistéar Cathrach Chorcaí.  Ar an iomlán, tiocfaidh méadú 39% ar an líon daoine a bheidh laistigh de 400 méadar ó bhealach bus ardmhinicíochta (a oibreoidh gach 15 nóiméad nó níos minice) agus tiocfaidh méadú 19% ar an líon post a bheidh laistigh de 400 méadar ó bhealach bus ardmhinicíochta.

Soláthrófar Gréasán Bus Nua Chorcaí de réir a chéile sna blianta 2023 agus 2024. Gheobhaidh sé tacaíocht ó fheachtas cuimsitheach faisnéise poiblí d’úsáideoirí bus de réir mar a chuirtear na seirbhísí chun feidhme.

Dúirt an tUas. Eamon Ryan TD, an tAire Iompair: “Is é atá in Athdhearadh Ghréasán Bus Chorcaí ná garsprioc thábhachtach in uaillmhian an Rialtais chun cur ar chumas níos mó daoine leas a bhaint as an ngréasán bus poiblí sa réigiún. Cabhróidh sé sin leis an ngréasán bus atá ann cheana i Limistéar Cathrach Chorcaí a bhunathrú ina ghréasán níos éifeachtúla níos inbhuanaithe chun freastal ar na riachtanais atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí sa limistéar. Rachaidh leathnú an chórais isteach sna huaireanta oíche chun fíorthairbhe do Gheilleagar Oíche Chorcaí freisin.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Príomh-chomhpháirt de Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí a foilsíodh sa bhliain 2020 ba ea an gréasán bus a leasú, agus is é atá san fhógra inniu ná mór-gharsprioc i gcur chun feidhme na Straitéise sin.

“Is é an toradh a bheidh ar an ngréasán leasaithe sin, rud a n-áirítear minicíocht bhreisithe, bealaí nua agus uaireanta oibriúcháin níos faide leis, ná go mbeidh seirbhísí bus i gCorcaigh níos úsáidí do níos mó daoine toisc go dtairgfidh siad níos mó nascachta.

“Cuirfidh sé sin ar an mbealach ceart sinn chun an uaillmhian i Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí go méadófaí an líon daoine a bhíonn ag úsáid iompar poiblí i gCorcaigh faoina cheithre oiread faoin mbliain 2040 a chomhlíonadh.”

Dúirt Stephen Kent, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhus Éireann: “Iompraíonn Bus Éireann 14 mhilliún paisinéir i gCathair Chorcaí gach bliain agus fostaíonn sé 600 duine, beagnach. Bhí an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun an gréasán conairí iompair inbhuanaithe atá beartaithe a fhorbairt de réir an eolais fhairsing atá againn ar an gcathair. Tacóidh an gréasán sin le forbairt agus fás Chorcaí go ceann i bhfad. Anuas air sin, cuirfidh sé chun cinn an t-aistriú is gá a dhéanamh chuig an iompar poiblí chun gealltanais athraithe aeráide na hÉireann a chomhlíonadh. Chonaiceamar gur tháinig méadú 70% ar an líon paisinéirí laistigh de bhliain amháin de bharr na hinfheistíochta i mbealaí i gCorcaigh. Dá bhrí sin, is eol dúinn gurb é an toradh a bheidh ar iontaofacht ár seirbhísí a fheabhsú trí thosaíocht bus a éascú ná go mbainfear tuilleadh úsáide astu, rud a mbeidh buntáistí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ag gabháil leis.”

Tá an tuarascáil iomlán agus léarscáileanna limistéir áitiúil, táblaí minicíochta agus uirlis idirghníomhach léarscáilithe ar fáil ar ár suíomh Gréasáin anois lena bhfeiceáil agus lena n-íoslódáil.

Ar leithligh uaidh sin, foilseoidh an tÚdarás tuilleadh mionsonraí ar ball faoi na tograí le haghaidh infheistíocht in 12 Chonair Iompair Inbhuanaithe i gCorcaigh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.busconnects.ie/cork