Gan na córais ticéadaithe agus struchtúr na dtáillí bus a athrú, ní sholáthródh an tionscadal iomlán na buntáistí iomlána is féidir faoin athrú sin.

Is é an dara foinse is mó de mhoilleanna bus, tar éis plódú tráchta, ná an próiseas íocaíochta ag stadanna bus. Tá sé fós coitianta táillí a íoc le hairgead tirim, rud a chuireann moill ar an am bordála. Fiú agus an Cárta Leap á n-úsáid, ciallaíonn castacht na gcéimeanna íocaíochta go mbíonn ar chéatadán ard paisinéirí idirghníomhú leis an tiománaí, agus moilleanna ag stadanna bus dá bharr. Ag stadanna bus gnóthach is féidir leis na moilleanna seo a bheith ar feadh roinnt nóiméad. Méadaigh faoi líon na stadanna gnóthacha ar bhealach, agus carnann na moilleanna sin chun cur go mór le ham iomlán an turais.

Faoi BusConnects déanfaimid an próiseas íocaíochta ar thurais bhus a shimpliú agus a chuíchóiriú. Ba mhaith linn an córas táillí a dhéanamh níos simplí, agus ba mhaith linn freisin gluaiseacht a dhéanamh idir seirbhísí bus éagsúla gan uaim agus éasca, gan pionós airgeadais. Teastóidh aistriú chuig áis “tadhall ar” agus “tadhall as”, cosúil le Luas agus DART, nó cur chuige “táille chomhréidh” amháin chun an gá le hidirghníomhú leis an tiománaí le haghaidh íocaíochtaí táillí a laghdú.

Mar chuid den phróiseas, tabharfar isteach oibriúchán gan airgead tirim ar gach bus, chun na moilleanna mar gheall ar íocaíochtaí airgid thirim a bhaint. Faoi láthair déantar breis is 70% d’íocaíochtaí táillí le cárta Leap. De réir mar a mhéadaíonn sé seo sna cúpla bliain atá romhainn, beidh an t-aistriú chuig réimeas gan airgead tirim níos fusa. Tabharfaidh BusConnects na forbairtí is déanaí isteach maidir le teicneolaíocht ticéadaithe bunaithe ar chuntas, lena bhféadfaí úsáid cártaí creidmheasa / dochair nó fóin phóca a éascú mar mhodhanna íocaíochta. Ceadóidh sé seo freisin comhtháthú le híocaíochtaí iompair eile amhail áiseanna páirceála agus fruiliú rothar.

Ticéadú na Chéad Ghlúine Eile

Tá na córais ticéadaithe ar iarnród agus ar bhus ag druidim le deireadh a ré úsáideach agus is gá iad a nuashonrú go córas níos nua-aimseartha, níos tapúla agus níos éifeachtaí.

Mar chuid den Chlár BusConnects, cuirfear córas úr ticéadaithe, lena dtabharfar na forbairtí is déanaí isteach maidir le teicneolaíocht ticéadaithe bunaithe ar chuntas, lena n-áirítear cártaí creidmheasa / dochair nó fóin phóca a úsáid le híoc. Cumasóidh sé freisin níos mó roghanna ticéad, nach féidir a chur ar fáil sa chóras atá ann faoi láthair, agus beifear in ann athruithe táillí níos tapúla a thabhairt isteach.

Tar éis próisis soláthair thar a bheith iomaíoch, bhronn an ÚNI, i mí Aibreáin 2024, creatchonradh foriomlán do dhearadh, do sholáthar, do shuiteáil agus d’oibriú córais ticéadaithe ilmhódaigh nua ar chuideachta teicneolaíochta faisnéise – a dhear, a shuiteáil agus a d’fheidhmigh córais chomhchosúla ar bhonn idirnáisiúnta.

Is tionscadal teicneolaíochta mór casta é seo agus is dócha go dtógfaidh sé idir trí agus ceithre bliana chun an córas nua a rolladh amach go hiomlán. Tabharfar amlínte beachta chun críche sna míonna amach romhainn de réir mar a chuirfidh an soláthraí nuacheaptha tús le céim mhionsonraithe deartha an tionscadail.