Is comhpháirteanna riachtanacha de chóras bus nua-aimseartha iad áiseanna cois bóthair agus eolas cois bóthair. Ar fud na réigiún, ní léiríonn na háiseanna reatha an caighdeán atá riachtanach chun an córas foriomlán a dhéanamh tarraingteach agus éasca le húsáid.

Le BusConnects cuirfimid feabhas ar stadanna bus, le heolas níos fearr faoi bhealaí agus táillí agus le heolas faoi amchlár sonrach do gach stad. Glacfaidh gach oibritheoir leis an stíl seo agus bainfear an meascán cuaillí atá ann faoi láthair ag stadanna iloibritheoirí. Forbraíodh an stíl nua seo go sonrach le bheith comhsheasmhach le libhré nua na mbusanna chun comhsheasmhacht amhairc a sholáthar. Suiteálfaimid níos mó comharthaí Eolais Paisinéirí Fíor-Ama (EPFA) feadh na gconairí bus nua agus in áiteanna eile ar fud an réigiúin, rud a chuirfidh eolas cruinn ar fáil faoi theacht an chéad bhus eile. Leathnófar soláthar scáthlán bus go suntasach mar chuid den chlár BusConnects. Cuirfear líon mór scáthlán bus breise ar fáil in áiteanna nua, go háirithe in áiteanna a mbeidh seirbhísí nasctha á gcur ar fáil.