Is clár infheistíochta iompair phoiblí i mórionaid uirbeacha na hÉireann é BusConnects. Tá sé forbartha agus bainistithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), agus tá sé maoinithe ag Tionscadal Éireann 2040.

Cuireann BusConnects go leor gnéithe ar fáil:

  • An líonra bus a athdhearadh
  • Conairí bus agus lánaí rothar nua a thógáil
  • Córas ticéadaithe úrscothach a chur chun feidhme
  • Córas íocaíochta gan airgead tirim a chur chun feidhme
  • Struchtúr táille níos simplí
  • Libhré bus nua
  • Stadanna agus scáthláin bus nua
  • Suíomhanna nua Páirceála agus Taistil in áiteanna tábhachtacha
  • Aistriú chuig flít bus nua lena mbaineann leibhéal astaíochtaí nialasach

Tá cuid de na gnéithe seo tosaithe cheana féin i nGaillimh.