Nochtadh dréacht-líonra bus nua do Cheantar Cathrach Phort Láirge agus tá Comhairliúchán poiblí ar siúl anois

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a dhréacht-líonra bus nua do Cheantar Cathrach Phort Láirge. Tá athdhearadh an líonra bus ar cheann de naoi bpríomhghné de BusConnects Phort Láirge a bhfuil sé mar aidhm leo córas bus an cheantair a athrú ó bhonn, rud a mbeidh iompar poiblí níos úsáidí do níos mó daoine mar thoradh air.

Faoi na tograí laistigh den tuarascáil maidir le hathdhearadh líonra bus Phort Láirge, déanfar méadú 100% ar leibhéal na seirbhísí bus i gcathair Phort Láirge agus ina bruachbhailte. Le níos mó bealaí, cuirfear seirbhís ardmhinicíochta ar fáil. Cuirfear feabhas ar mhinicíochtaí ar an Domhnach agus go luath ar maidin. Leathnófar na seirbhísí bus poiblí go ceantair nua, rud a fhágfaidh go mbeidh seirbhísí bus laistigh de shiúl 400 méadar ó 73% de na cónaitheoirí.

Dhéanfaí ​​ceithre bhealach atá beartaithe á reáchtáil gach 15 nóiméad, seacht lá na seachtaine. Áirítear leis sin Bealach 4, an Cuarbhóthar Lasmuigh go Port an Chalaidh. Maidir leis na ceantair nach bhfreastalaítear orthu faoi láthair ach in aon treo amháin, cuirfear seirbhísí déthreo ar fáil iontu. Tabharfar seirbhísí bus nua isteach i gceantair amhail Cill Bharra, An Sciobairín, Bóthar Dhún Mór agus an Sliabh Rua.

Freastalaíonn gach bealach sa dréacht-líonra bus nua ar lár na cathrach agus tá an príomhphointe idirmhalartaithe suite i gcomharsanacht an Túir Cloig agus timpeall air. Leis sin agus le tabhairt isteach bealaí nua traschathrach, éascófar comaitéireacht traschathrach. Déanfar táillí a shimpliú sa dóigh is gur féidir cómharlartú a dhéanamh go héasca. Ní bheidh ar chustaiméirí táille bhreise a íoc as athrú idir seirbhísí bus laistigh de thréimhse 90 nóiméad. I gcomhar leis an ÚNI, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Bus Éireann, is é Jarrett Walker & Associates a d’ullmhaigh an tuarascáil maidir leis an líonra nua, is gnólacht é seo atá bunaithe sna Stáit Aontaithe a dhéanann speisialtóireacht i gcórais iompair phoiblí cathrach a dhearadh.

Mairfidh an comhairliúchán ar an dréacht-líonra nua ar feadh 6 seachtaine agus críochnóidh sé ar 16 Lúnasa 2024. Seachadfaidh An Post suas le 40,000 leabhrán eolais do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí feadh an dréacht-líonra bus nua atá beartaithe. Beidh imeachtaí eolais poiblí ar siúl in Óstán an Túir, tá na sonraí go léir thíos. Beidh seimineár gréasáin Eolais Poiblí ar líne ar siúl Dé Luain 22ú Iúil, tá sonraí faoi conas clárú don seimineár thíos. Leis an bpróiseas comhairliúcháin ar líne, tabharfar deis do bhaill den phobal a n-aiseolas maidir leis na tograí a thabhairt. Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun d’aiseolas a roinnt linn –  Foirm Aiseolais do Chomhairliúchán Poiblí. Tabharfar an t-athdhearadh chun críche sna míonna amach romhainn agus cuirfear an líonra nua i bhfeidhm ó 2026 ar aghaidh.

Imeachtaí Eolais Poiblí:

Dáta: Déardaoin, 18 Iúil
Suíomh: Óstán an Túir, (Seomra Airde Móire), An Triantán Lochlannach, Port Láirge, Éire, X91 VXEO
Am: 12i.n. – 7i.n.

Dáta: Dé hAoine, 19 Iúil
Suíomh: Óstán an Túir, (Seomra Airde Móire), An Triantán Lochlannach, Port Láirge, Éire, X91 VXEO
Am: 9r.n. – 2i.n.

Seimineár Gréasáin Eolais Poiblí 22ú Iúil ag 1:30i.n.

Más é do thoil é, cláraigh don seimineár Zoom seo roimh ré trí chiceáil ar an nasc thíos agus na sonraí a iarrtar a sholáthar:

https://us06web.zoom.us/webinar/register/WN_9mYHSdk6Qq-I5Jfqjpvq6Q

Tar éis duit a chlárú, gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe uathoibríoch uainn ina bhfuil eolas faoi conas a théann tú isteach sa seimineár Zoom.

Cliceáil ar an nasc thíos chun féachaint ar léarscáil ar líne den Dréacht-Líonra Nua.

Léarscáil den dréacht-Líonra Nua Phort Láirge

Chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí cliceáil ar an nasc chuig an bhfoirm aiseolais thíos.

Foirm Aiseolais do Chomhairliúchán Poiblí

Tá an dréacht-tuarascáil Líonra Bus Nua, tuairisc achomair, tábla minicíochta agus léarscáileanna go léir ar fáil le híoslódáil thíos.