Cuirfear an líonra bus nua i bhfeidhm ar bhonn céimneach ó 2025 ar aghaidh

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a líonra bus nua deiridh do Luimneach inniu. Tá athdhearadh an líonra bus ina cheann de naoi bpríomhghné BusConnects Luimnigh a bhfuil mar aidhm acu córas bus na cathrach a athrú ó bhonn, agus iompar poiblí á dhéanamh níos úsáidí do níos mó daoine.

Anuraidh, rinne an ÚNI athbhreithniú leathan ar an líonra bus i Luimneach, i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, le Comhairle Contae an Chláir agus le Bus Éireann, agus le saineolas speisialaithe na ndearthóirí iompair Jarrett Walker & Associates.

I Feabhra 2023, foilsíodh dréacht-líonra nua agus mar gheall ar an aiseolas agus na haighneachtaí a fuarthas treoraíodh forbairt an líonra bus nua dheiridh atá foilsithe inniu. Tar éis imní a cuireadh in iúl le linn phróiseas an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an tionchar féideartha a bheadh ag bealaí nua ag freastal ar Ollscoil Luimnigh ar Ionad Cúraim Milford agus ar Infinity Woodland, déanfaidh an ÚNI iarracht socruithe nua a sholáthar chun freastal ar Ollscoil Luimnigh lena ndéanfar tionchar díreach a sheachaint ar thailte Ionad Cúraim Milford. San áireamh leis sin tá forbairt fhéideartha naisc rochtana nua.

Áirítear an méid a leanas le príomhthairbhí an líonra nua:

  • Méadú de thimpeall 70% ar mhéid na seirbhísí bus i gcathair Luimnigh agus ina bruachbhailte.
  • Síneadh na seirbhísí bus chuig ceantair nua agus bealaí níos mó le seirbhísí minice agus amchlár feabhsaithe don Domhnach.
  • Seirbhís bus 24 uair an chloig nua a oibreofar idir Ospidéal Ollscoile Luimnigh, lár na cathrach agus Ollscoil Luimnigh.
  • Soláthar seirbhísí bus chuig ceantair nach ndearnadh freastal orthu roimhe seo amhail Bóthar na hInse, Bóthar an Duga, campas thuaidh Ollscoil Luimnigh agus Ard na Croise.
  • Táillí simplí lena ndéanfar aistriú bealaí saoráideach.

Leis an líonra bus nua cuirfear ar chumas níos mó daoine leas a bhaint as iompar poiblí agus mar thoradh air sin méadófar rochtain ar líon níos mó scoileanna agus áiteanna oibre ar feadh chathair Luimnigh. Ar an iomlán, beidh 41% de chónaitheoirí ina gcónaí laistigh de 400 méadar ó bhealach bus ardmhinicíochta (ag rith gach 15 nóiméad nó níos minice).

Cuirfear an líonra bus i gcrích ar bhonn céimneach ó 2025 ar aghaidh. Tabharfar tacaíocht dó trí fheachtas faisnéise poiblí cuimsitheach d’úsáideoirí bus de réir mar a chuirfear na seirbhísí i bhfeidhm. De réir mar a chuirfear an líonra chun feidhme agus go gcuirfear na bealaí nua i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí mionathruithe chun soláthar éifeachtach seirbhíse a chinntiú.

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI: “Is é ceann de phríomhghnéithe Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach Luimnigh / Shionainne ná athbhreithniú a dhéanamh ar an líonra bus agus is sprioc thábhachtach eile an fhógairt inniu maidir le fís na straitéise sin a réadú.”

Leis an líonra athbhreithnithe atá tugtha chun críche agus foilsithe againn cuirfear minicíocht fheabhsaithe, nascacht níos mó agus uaireanta oibrithe níos faide ar fáil do phobal Luimnigh.

“De réir mar a chuirfimid príomhcholúin BusConnects Luimnigh i bhfeidhm ar bhonn céimneach, táimid muiníneach go spreagfar níos mó daoine leis an líonra seo chun iompar poiblí a roghnú agus chun tacú le fás inbhuanaithe na cathrach ar feadh fiche nó tríocha bliain le teacht.”

 Dúirt Stephen Kent, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bus Éireann: “D’oibríomar i gcomhpháirt leis an ÚNI chun cuidiú le líonra bus nua a fhorbairt do Luimneach lena méadófar minicíocht go suntasach agus seirbhísí bua a leathnú ar fud na cathrach agus a bruachbhailte.

“Tarlaíonn sé sin ag am iontach don chathair de réir mar a infheistíonn an ÚNI san aistriú go flít i Luimneach a bheidh leictreach agus hibrideach ina iomláine. Trí leictriú an iosta ag Baile an Róistigh atá ar siúl faoi láthair déanfar athrú dáiríre chun feabhais ar iompar poiblí i Luimneach, i dtéarmaí an tionchair ar an gcomhshaol agus chomh maith leis sin eispéireas don chustaiméir a bheidh feabhsaithe go mór le turais níos ciúine agus níos socra.

“Táimid ag súil lenár gcion a dhéanamh chun an líonra bus nua a chur i bhfeidhm ó 2025 ar aghaidh agus chun úsáid iompair phoiblí a leathnú ar fud na cathrach agus sna ceantair máguaird.

Tá an tuarascáil iomlán, léarscáileanna an cheantair áitiúil agus táblaí minicíochta uile ar fáil anois le féachaint orthu nó le híoslódáil ar ár suíomh gréasáin. Chun a thuilleadh faisnéise a fháil tabhair cuairt ar: www.busconnects.ie/limerick