Is príomhghné de chlár BusConnects Chorcaí iad Conairí Iompair Inbhuanaithe

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) moltaí nuashonraithe inniu le haghaidh an tríú babhta de chomhairliúchán poiblí. Baineann na moltaí seo le haon chonair iompair déag inbhuanaithe atá mar chuid de chlár BusConnects Chorcaí.

Is ar na Roghanna Bealaigh Tosaíochta nuashonraithe do gach aon cheann den aon chonair déag a dhíreofar sa bhabhta is deireanaí de chomhairliúchán poiblí maidir leis na Conairí Iompair Inbhuanaithe. Tagann sé seo sna sála ar dhá bhabhta de chomhairliúchán poiblí, ceann amháin idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair na bliana 2022 agus ceann eile idir Márta agus Bealtaine na bliana 2023.

Is clár oibre €600m é BusConnects Chorcaí a bhfuil mar aidhm leis córas bus na cathrach sin a athrú ó bhonn, chun go mbeidh teacht ag níos mó daoine ar an gcóras iompair phoiblí. Beidh taisteal ar bhusanna agus taisteal gníomhach ina roghanna taistil níos tarraingtí mar thoradh ar BusConnects Chorcaí, agus déanfar astaíochtaí carbóin agus plódú tráchta a laghdú ag an am céanna. Déanfar an méid sin trí thart ar 91km de lánaí bus nua agus tosaíocht bus a chur ar fáil chomh maith le 98km (aontreo) de shaoráidí do rothaithe, is é sin 49km den líonra raonta rothar.

Rinne an pobal thart ar 4,400 aighneacht le linn an dara babhta de chomhairliúchán, agus reáchtáil an ÚNI thart ar 30 cruinniú le cónaitheoirí, leis an lucht gnó agus le grúpaí sainspéise le linn an tsamhraidh seo caite.

Rinne an ÚNI mionchoigeartú feadh gach conaire ó tháinig deireadh leis an dara babhta de chomhairliúchán poiblí. Rinneadh é seo chun na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal chomh maith leis an gcaidreamh gníomhach leanúnach le muintir na háite a chur san áireamh. Chomh maith leis sin, rinneadh obair bhreise ó thaobh dearadh teicniúil de agus rinneadh feabhsuithe ar an ríocht uirbeach feadh gach conaire.

Chuir an caidreamh gníomhach fairsing dhá bhealach sin bonn eolais faoin bpróiseas deartha agus rinneadh roinnt athruithe ar na moltaí. Is iad seo a leanas cuid de na hathruithe:

  • STC A – Dún Citil go Lár na Cathrach: Pointe aistrithe (bus-traein) nua curtha leis, agus beidh rochtain ag busanna, coisithe agus rothaithe air ó Shráid Ailfrid.
  • STC B – Baile na mBocht go Lár na Cathrach: Rinneadh na raonta rothar beartaithe ar Ascaill Cholm Cille a bhaint den phlean agus cuireadh rotharbhealach ar na sráideanna ciúine in aice láimhe ina n-áit.
  • STC C – An Linn Dubh go Lár na Cathrach: Níl an geata bus beartaithe ar Shráid Bhaile Átha Cliath ag Lána an Tobair mar chuid den phlean a thuilleadh, agus cuireadh bearta eile (Cead Bealaigh Faoi Rialú Soilse Tráchta) ina áit chun srian a chur ar ghluaiseacht tráchta neamh-áitiúil, cé go mbíonn rochtain gan srian ag muintir na háite ar an áit i gcónaí.
  • STC D – Cnoc an Chuilinn go Lár na Cathrach: Níl geata bus isteach le bheith ar Shráid Wolfe Tone a thuilleadh, ach beidh sé ar Shráid an tSeandúin ina ionad sin d’fhonn rochtain áitiúil a fheabhsú, agus d’fhonn feabhas a chur ar thosaíocht bus ag teacht i dtreo an gheata bus.
  • STC E – Baile an Chollaigh go Lár na Cathrach: Cuireadh lána tiomnaithe le casadh ar chlé ar fáil i lár Bhaile an Chollaigh don trácht atá ag dul soir ag acomhal Bhóthar an tSeandúin (iarthar). Cuireadh paiste le casadh ar dheis ar fáil don trácht atá ag dul siar d’fhonn scuainí feadh na Príomhshráide a laghdú do ghluaisteáin atá ag iarraidh casadh isteach i gcarrchlós Tesco agus ionad siopadóireachta Castle West.
  • STC F – Baile an Easpaig go Lár na Cathrach: Fágadh lána bus isteach agus cuid ghearr de lána bus amach ar Bhóthar an Churraichín ar lár.
  • STC G – An Tóchar go Lár na Cathrach: Níl an geata bus a bhí beartaithe roimhe seo ar Dhroichead an Chléirigh beartaithe a thuilleadh.
  • STC H – Bóthar an Aerfoirt go Lár na Cathrach: Tá an raon rothar dhá threo le bheith ar an taobh theas den Bhóthar Síorghlas seachas ar an taobh thuaidh de.
  • STC I – Cnoc Maryborough go Lár na Cathrach: Tá an geata bus ag acomhal Bhóthar an Tobair athlonnaithe siar ó acomhal Bhruach na Rós. Fanfaidh an socrú bóthair idir na geataí bus ar Bhóthar Dhúglais díreach mar atá sé faoi láthair. Cuirfear luasteorainn 30km/u i bhfeidhm.
  • STC J – Machain go Lár na Cathrach: Beartaíodh spásanna páirceála breise ag acomhal Lána na Reilige le Bóthar an Bhóithrín Mheánaigh agus ag Bóthar Bhaile an Locha chomh maith.
  • STC K – Bóthar Chionn tSáile go Dúglas: Rinneadh athruithe ar na lánaí bus soir agus siar feadh Bhóthar na Gráinsí chun sábháilteacht ar an mbóthar a fheabhsú, agus chun an tionchar ar thógáil talún ó ionaid réadmhaoine phríobháideacha, ar chrainn atá ann cheana agus ar bhallaí teorann a laghdú.

Rinneadh laghdú ar thionchair fhorbairt bheartaithe na gConairí Iompair Inbhuanaithe ó bhí an chéad chomhairliúchán poiblí ar siúl i mí an Mheithimh 2022 – laghdú 48% ar líon na réadmhaoine a d’fhéadfadh a bheith buailte, laghdú beagnach 43% ar líon na spásanna páirceála ar an tsráid a bhféadfaí fáil réidh leo agus laghdú thart ar 37% ar líon na gcrann cois bóthair a bhféadfaí iad a leagan.

Cuirfear tús le comhairliúchán ar na moltaí nuashonraithe inniu agus beidh siad ar siúl go dtí Dé Luain, an 18 Nollaig 2023. Reáchtálfar sraith imeachtaí faisnéise don phobal ar fud chathair Chorcaí le linn mhí na Samhna. Tá dátaí, amanna agus ionaid ar fáil ag www.busconnects.ie/cork. Scaipfear bileoga eolais faoin gcomhairliúchán ar nach mór céad míle seoladh i gCorcaigh sna laethanta amach romhainn.

Déanfaidh an ÚNI athbhreithniú ar gach aighneacht a gheofar le linn an tríú babhta de chomhairliúchán poiblí. Nuair a bheidh an méid sin curtha i gcrích, cuirfidh an ÚNI bailchríoch ar na Roghanna Bealaigh Tosaíochta do gach ceann den aon chonair déag. Déanfar forbairt bhreise ar na dearaí don scéim agus ullmhófar iarratais ar thoiliú reachtúil don Bhord Pleanála, lena n-áirítear measúnacht iompair agus measúnacht tionchair timpeallachta. Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil ag an gcéim seo freisin mar chuid den iarratas foirmiúil pleanála chuig ABP.

Seo mar a labhair Anne Graham, POF an ÚNI: “Rinneamar teagmháil fhorleathan le grúpaí pobail agus gnó ar fud na cathrach ó seoladh an dara babhta de chomhairliúchán, agus rinneamar iarracht freagraí cuiditheacha a thabhairt ar a gcuid saincheisteanna. Chuidigh na moltaí nuashonraithe atá á gcur chun cinn againn i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí le cuid mhaith de na saincheisteanna a bhí ag grúpaí pobail agus gnó a réiteach. 

Is cathair í Cathair Chorcaí atá ag fás agus tá gá le líonra bus inti atá oiriúnach do chathair atá ag athrú ó bhonn go tapa. Mar chuid lárnach de chlár BusConnects Chorcaí, beidh forbairt na gConairí Iompair Inbhuanaithe ina gcabhair maidir le féachaint chuige go seasfaidh córas bus Chorcaí an aimsir agus maidir le rothaíocht shábháilte a chinntiú ar fud na cathrach agus í ag fás an t-am ar fad.

“Iarraim ar mhuintir Chorcaí aiseolas a thabhairt faoi na moltaí nuashonraithe don aon chonair déag. Beidh do thuairimí agus d’ionchur ina gcabhair maidir le bailchríoch a chur ar na moltaí deiridh sula gcuirfear faoi bhráid an Bhoird Pleanála iad an bhliain seo chugainn.”

Seo mar a labhair Ann Doherty, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Chorcaí: “Is den ríthábhacht d’fhorbairt leanúnach Chathair Chorcaí go seachadtar an clár feabhsuithe atá beartaithe faoin gclár BusConnects. Beidh sé níos fusa do dhaoine teacht chuig an gcathair agus taisteal inti amach anseo mar thoradh ar bhusanna a thagann níos minice, ar agaí turais níos iontaofa agus ar bhearta eile.

“Tá an infheistíocht bheartaithe seo i gcóras iompair phoiblí Chorcaí ríthábhachtach freisin maidir le ceanglais dícharbónaithe a chomhlíonadh agus maidir le baint amach na spriocanna neodrachta aeráide a bhaineann le sinn a bheith ar cheann de na Cathracha Misin sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2030.”