D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a líonra bus nua deiridh do Ghaillimh inniu. Tá athdhearadh an líonra bus ina cheann de naoi bpríomhghné de chuid BusConnects na Gaillimhe a bhfuil mar aidhm leo córas bus na cathrach a athrú ó bhonn go bunúsach, agus iompar poiblí á dhéanamh níos úsáidí do níos mó daoine.

Anuraidh, rinne ÚNI athbhreithniú leathan ar an líonra bus i nGaillimh, i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae na Gaillimhe, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hoibreoirí busanna áitiúla, agus le saineolas speisialaithe na ndearthóirí iompair Jarrett Walker & Associates.

I mí Aibreáin 2023, foilsíodh dréacht-líonra nua agus mar gheall ar an aiseolas agus na haighneachtaí a fuarthas cuireadh bonn eolais faoi fhorbairt an líonra bus nua deiridh atá foilsithe inniu.

Áirítear an méid a leanas le príomhthairbhí an líonra nua deiridh:

  • Méadú de thimpeall 50% ar mhéid na seirbhísí bus i gCathair na Gaillimhe, i mBearna agus in Órán Mór.
  • Leathnú na seirbhísí bus chuig ceantair nua agus bealaí níos mó le seirbhísí minice agus amchlár feabhsaithe don deireadh seachtaine.
  • Bheadh seirbhís nua bus 24 uair an chloig, ar a dtabharfar Bealach 9, á reáchtáil ó Chnoc na Cathrach trí lár na cathrach go Dabhach Uisce agus an Pháirc Mhór.
  • Tá rochtain ag níos mó cónaitheoirí sa chathair agus a bruachbhailte ar an ngréasán iompair phoiblí le Bóthar Bhaile Uí Mhóinín Uachtarach, Bóthar an Chósta idir Cathair na Gaillimhe agus Órán Mór agus Cnoc Ódhráin i measc na gceantar a mbainfidh leas as.
  • Tuilleadh bealaí trasna na cathrach, agus an príomhphointe idirmhalartaithe suite ag an bhFaiche Mhór.
  • Táillí simplí lena ndéanfar aistriú bealaí saoráideach.

Leis an líonra bus nua cuirfear ar chumas níos mó daoine leas a bhaint as iompar poiblí agus mar thoradh air sin méadófar rochtain ar líon níos mó scoileanna agus áiteanna oibre ar fud chathair na Gaillimhe, an Bhearna agus Órán Mór.  Ar an iomlán, beidh 67% de chónaitheoirí ina gcónaí laistigh de 400 méadar ó bhealach bus ardmhinicíochta (ag rith gach 15 nóiméad nó níos minice).

I ndiaidh ábhar imní a ardaíodh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, cinnteoidh ÚNI go rachaidh Bealach 4 níos faide soir chomh fada le suíomh Ospidéal Pháirc Mhuirlinne, ag freastal ar stad amháin eile ar Lána Pháirc Mhuirlinne nó in aice leis, ag feitheamh ar fhormheas FSS. Sa Chaisleán Nua, cuirfear busanna breise i mbun seirbhíse le linn na mbuaicthréimhsí is gnóthaí i gcaitheamh na seachtaine. Déanfar athbhreithniú ar Bhealach 7 chun go bhfreastalóidh sé ar Bhóthar na Trá Uachtarach idir Bóthar Bhaile an Rí agus Sean-Bhóthar Chnoc na Cathrach.

Tá sé beartaithe le pleananna ÚNI tús a chur leis an líonra nua bus a chur chun feidhme idir 2025 agus 2026. De réir mar a chuirfear an líonra chun feidhme agus go gcuirfear na bealaí nua i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí mionathruithe chun soláthar éifeachtach seirbhíse a chinntiú.

Tabharfar tacaíocht do chur i bhfeidhm an líonra nua trí fheachtas faisnéise poiblí cuimsitheach d’úsáideoirí bus de réir mar a chuirfear na seirbhísí i bhfeidhm. De réir mar a chuirfear an líonra chun feidhme agus go gcuirfear na bealaí nua i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí mionathruithe chun soláthar éifeachtach seirbhíse a chinntiú.

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI: “De réir mar a fhásfaidh Gaillimh, tá sé tábhachtach go mbeadh líonra iompair phoiblí ag an gcathair a nascann daoine sa chathair agus sna ceantair máguaird agus a thacaíonn leis an turas chuig astaíochtaí glan-nialasacha. 

“Sin an fáth gur nochtamar líonra bus nua deiridh do Ghaillimh. Mar phríomhghné de BusConnects Gaillimh, tabharfar isteach bealach nua bus 24 uair an chloig agus méadú mór ar sheirbhísí bus sa chathair chomh maith le Bearna agus Órán Mór mar chuid den líonra nua. Le huaireanta oibriúcháin níos faide agus nascacht níos fearr, tá súil againn go spreagfar níos mó daoine chun modhanna iompair inbhuanaithe a ghlacadh.

“Oibreoidh ÚNI go dlúth le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hoibreoirí busanna áitiúla chun ullmhú do thabhairt isteach an líonra nua ó 2025 ar aghaidh.”

Tá an tuarascáil iomlán, léarscáileanna an cheantair áitiúil agus táblaí minicíochta uile ar fáil anois le féachaint orthu nó le híoslódáil ar ár suíomh gréasáin. Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar  https://busconnects.ie/cities/galway-ga/6803/