Cuid lárnach de chlár BusConnects Chorcaí is ea forbairt roinnt “Conairí Inbhuanaithe Iompair” (STCanna) feadh phríomhbhealaí bus sa chathair, a mbeidh lánaí/tosaíocht bus tiomnaithe ag baint leo, le háiseanna feabhsaithe do rothaithe agus do choisithe, atá go léir ina gcuidiú maidir le cathair níos inbhuanaithe a thógáil agus a dtugann aghaidh ar athrú aeráide.
Cuireadh trí bhabhta de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil i gcrích maidir le 11 Chonair Iompair Inbhuanaithe (STCanna). Is féidir naisc leis an bhfaisnéis agus na doiciméid do gach babhta de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil a fháil sna naisc roghchláir.
Tá na 11 STC a bhí ina n-ábhar do chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil curtha le chéile anois i dtrí Scéimeanna Molta neamhspleácha. Cliceáil anseo chun Léarscáil Scéimeanna BusConnects Chorcaí a íoslódáil.
Is iad seo a leanas na trí Scéimeanna neamhspléacha atá molta:
- An “Scéim Chonairí Iompair Inbhuanaithe Chathair Chorcaí Thuaidh” (a chomhcheanglaíonn Conair Inbhuanaithe Iompair A giorraithe: Dún Citil go dtí an Chathair, STC B: Baile na mBocht go dtí an Chathair , STC C: An Linn Dubh go dtí an Chathair, agus STC D:Cnoc an Chuilinn go dtí an Chathair).
- An “Scéim Chonairí Iompair Inbhuanaithe Chathair Chorcaí Thiar Theas” (a chomhcheanglaíonn STC E:Baile an Chollaigh go dtí an Chathair, STC F: Baile an Easpaig go dtí an Chathair, agus STC G: An Tóchar go dtí an Chathair)
- An “Scéim Chonairí Iompair Inbhuanaithe Chathair Chorcaí Thoir Theas” (a chomhcheanglaíonn STC H: Bóthar an Aerfoirt go dtí an Chathair, STC I: Cnoc Maryborough go dtí an Chathair, STC J: Machain go dtí an Chathair, agus STC K: Bóthar Chionn tSáile go dtí Dúglas).
Táthar ag súil go gcuirfear iarratais ar na trí scéim neamhspleácha atá beartaithe faoi bhráid an Bhoird Phleanála ar mhaithe lena bhreithniú agus lena chinneadh ar bhonn céimneach ag tosú i lár 2025.
Is féidir leat féachaint ar na doiciméid a bhaineann leis na trí bhabhta de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil trí chliceáil ar na naisc sa roghchlár ag barr an leathanaigh.
Additional Documents