Ceanglaítear leis an reachtaíocht go ndéanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair “d’fhonn iompar poiblí a chur chun cinn, branda aonair a dhearadh agus a fhorbairt agus cur i ngníomh branda aonair a áirithiú ar branda é a bheidh le húsáid ag na hoibritheoirí iompair phoiblí go léir a sholáthraíonn seirbhísí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí leis an Údarás.”
Faoi chlár BusConnects Bhaile Átha Cliath, déanfar caighdeánú ar thaobh amuigh agus taobh istigh na mbusanna, ar a dtugtar libhré na mbusanna, i measc oibritheoirí éagsúla ionas go mbeidh cuma córais iompair phoiblí nua-aimseartha éifeachtach ar an gcóras bus.
Léiríonn an libhré nua de chuid Transport Ireland (TFI) íomhá de chóras iompair nua-aimseartha éifeachtach agus cuidíonn sé lena chinntiú go bhfuil an t-eispéireas comhsheasmhach i measc na n-oibritheoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí iompair Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP). Ar dtús, díreofar rolladh amach libhré nua TFI ar bhusanna agus cóistí nua atá ag teacht isteach sa fhlít OSP agus ar bhealaí atá á seoladh mar chuid d’athdhearadh líonra bus BusConnects Bhaile Átha Cliath, ach cuirfear i bhfeidhm ar fud na tíre é sa deireadh freisin.
Cuirfidh an dath glas úr branda TFI, taisteal inbhuanaithe agus mothú Éireannachais in iúl. Tá sé deartha go sonrach chun ailíniú le cuma stadanna bus nua agus bealaí faisnéise eile chun eispéireas foriomlán aontaithe a chur i láthair do phaisinéirí.
Tá sé mar aidhm ag an dath buí beoga ar thosach an bhus infheictheacht a fheabhsú, go háirithe san oíche.
Tá na línte sreafa bána feadh gach taobh deartha chun mothú gluaiseachta gasta ach réidh a mhúscailt, agus léiríonn an mhóitíf duilleoige báine i dtreo chúl an dá thaobh an comhshaol agus ár n-éabhlóid nádúrtha i dtreo modhanna iompair níos inbhuanaithe.
Beidh an chuma aontaithe nua níos feiceálaí sna míonna agus sna blianta amach romhainn de réir mar a chuirfear feithiclí nua leis an bhflít OSP agus de réir mar a théann feithiclí atá ann cheana isteach ina dtimthriallta athphéinteála seanbhunaithe.
Le linn 2021, beidh thart ar 93 cóiste, 280 bus hibrideach nua agus 87 bus atá ann cheana féin maisithe leis an libhré nua le feiceáil ar fud na hÉireann agus tiocfaidh méadú ar na huimhreacha sin sna blianta ina dhiaidh sin.
Pictiúir den libhré