Líonra Bus Nua do Luimneach

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a líonra bus nua deiridh do Luimneach. Tá athdhearadh an líonra bus ina cheann de naoi bpríomhghné BusConnects Luimnigh a bhfuil mar aidhm acu córas bus na cathrach a athrú ó bhonn, agus iompar poiblí á dhéanamh níos úsáidí do níos mó daoine. Anuraidh, rinne an ÚNI athbhreithniú leathan ar an líonra bus i Luimneach, i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, le Comhairle Contae an Chláir agus le Bus Éireann, agus le saineolas speisialaithe na ndearthóirí iompair Jarrett Walker & Associates.

I Feabhra 2023, foilsíodh dréacht-líonra nua agus mar gheall ar an aiseolas agus na haighneachtaí a fuarthas treoraíodh forbairt an líonra bus nua dheiridh. Tar éis imní a cuireadh in iúl le linn phróiseas an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an tionchar féideartha a bheadh ag bealaí nua ag freastal ar Ollscoil Luimnigh ar Ionad Cúraim Milford agus ar Infinity Woodland, déanfaidh an ÚNI iarracht socruithe nua a sholáthar chun freastal ar Ollscoil Luimnigh lena ndéanfar tionchar díreach a sheachaint ar thailte Ionad Cúraim Milford. San áireamh leis sin tá forbairt fhéideartha naisc rochtana nua.

Leis an líonra bus nua cuirfear ar chumas níos mó daoine leas a bhaint as iompar poiblí agus mar thoradh air sin méadófar rochtain ar líon níos mó scoileanna agus áiteanna oibre ar feadh chathair Luimnigh. Ar an iomlán, beidh 41% de chónaitheoirí ina gcónaí laistigh de 400 méadar ó bhealach bus ardmhinicíochta (ag rith gach 15 nóiméad nó níos minice).

Tá tuarascáil an Líonra Nua Bhusanna, an tuarascáil achomair, an tábla minicíochta, na léarscáileanna agus aguisín ionchur poiblí ar fáil le híoslódáil thíos.

Chun amharc ar Líonra Nua Luimnigh, bain leas as an mapa ar líne ag an nasc thíos.

Limerick Learscail Nua Luimnigh

Áirítear an méid a leanas le príomhthairbhí an líonra nua:

  • Méadú de thimpeall 70% ar mhéid na seirbhísí bus i gcathair Luimnigh agus ina bruachbhailte.
  • Síneadh na seirbhísí bus chuig ceantair nua agus bealaí níos mó le seirbhísí minice agus amchlár feabhsaithe don Domhnach.
  • Seirbhís bus 24 uair an chloig nua a oibreofar idir Ospidéal Ollscoile Luimnigh, lár na cathrach agus Ollscoil Luimnigh.
  • Soláthar seirbhísí bus chuig ceantair nach ndearnadh freastal orthu roimhe seo amhail Bóthar na hInse, Bóthar an Duga, campas thuaidh Ollscoil Luimnigh agus Ard na Croise.
  • Táillí simplí lena ndéanfar aistriú bealaí saoráideach.

Na chéad céimeanna eile

Cuirfear an líonra bus i gcrích ar bhonn céimneach ó 2025 ar aghaidh. Tabharfar tacaíocht dó trí fheachtas faisnéise poiblí cuimsitheach d’úsáideoirí bus de réir mar a chuirfear na seirbhísí i bhfeidhm. De réir mar a chuirfear an líonra chun feidhme agus go gcuirfear na bealaí nua i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí mionathruithe chun soláthar éifeachtach seirbhíse a chinntiú.

 

Dréacht Líonra Bus Nua do Luimneach – Comhairliúchán Poiblí Márta 2023

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a dhréacht-líonra bus nua do Luimneach i mí an Mhárta 2023 agus rinneadh comhairliúchán poiblí 6 seachtaine air ina dhiaidh sin. Leis próiseas comhairliúcháin ar líne, tugadh deis do bhaill den phobal a n-aiseolas maidir leis na tograí a thabhairt. Reáchtáladh roinnt imeachtaí faisnéise chun an líonra nua atá beartaithe a mhíniú níos mine. Chun amharc ar na cáipéisí ón gcomhairliúchán poiblí ar an dréacht-líonra bus do Luimneach cliceáil ar na naisc thíos.

Leabharlann Cáipéise an Dréacht-Líonra Bus Nua

Físeáin ó Dhréacht-Líonra Bus Nua do Chomhairliúchán Poiblí Luimnigh: