An tríú babhta de chomhairliúchán maidir le conairí iompair inbhuanaithe do Chorcaigh

Tá an tríú babhta de chomhairliúchán poiblí maidir le roghanna bealaí tosaíochta le haghaidh aon chonair iompair inbhuanaithe déag atá mar chuid de chlár BusConnects Chorcaí curtha i gcrích anois. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a rinne aighneacht chuig an gcomhairliúchán poiblí, déanfaidh an ÚNI athbhreithniú ar gach aighneacht. Nuair a bheidh an méid sin curtha i gcrích, cuirfidh an ÚNI bailchríoch ar na Roghanna Bealaigh Tosaíochta do gach ceann den aon chonair déag. Déanfar forbairt bhreise ar na dearaí don scéim agus ullmhófar iarratais ar thoiliú reachtúil don Bhord Pleanála, lena n-áirítear measúnacht iompair agus measúnacht tionchair timpeallachta. Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil ag an gcéim seo freisin mar chuid den iarratas foirmiúil pleanála chuig ABP.

Is clár oibre €600m é BusConnects Chorcaí a bhfuil mar aidhm leis córas bus na cathrach sin a athrú ó bhonn, chun go mbeidh teacht ag níos mó daoine ar an gcóras iompair phoiblí. Beidh taisteal ar bhusanna agus taisteal gníomhach ina roghanna taistil níos tarraingtí mar thoradh ar BusConnects Chorcaí, agus déanfar astaíochtaí carbóin agus plódú tráchta a laghdú ag an am céanna. Déanfar an méid sin trí thart ar 91km de lánaí bus nua agus tosaíocht bus a chur ar fáil chomh maith le 98km (aontreo) de shaoráidí do rothaithe, is é sin 49km den líonra raonta rothar.

Cliceáil ar na naisc thíos chun féachaint ar na doiciméid ón tríú babhta de chomhairliúchán poiblí do Chorcaigh.

Cork STC PC3 Map

Leabharlann Doiciméad 3ú Babhta Comhairliúcháin

Léirshamhlaithe 3T de CIIanna Bus Connect

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun féachaint ar na léirshamhlaithe CIIanna Chorcaí, Léirshamhlaithe 3T Chorcaí.

 

Cliceáil ar na naisc thíos más mian leat féachaint ar na doiciméid agus an t-eolas ón gcéad bhabhta agus ón dara babhta de Chomhairliúchán Poiblí maidir leis na CIIanna, is féidir féachaint ar na doiciméid chúlra freisin.

An dara babhta de chomhairliúchán poiblí maidir le Conairí Iompair Inbhuanaithe do Chorcaigh

An Chéad Bhabhta de Chomhairliúchán Poiblí maidir le Conairí Iompair Inbhuanaithe (CIIanna) do Chorcaigh